Fir as na Dúnaibh a throid ins an chéad chogadh in 1914. Bhí siad ag obair in Albain san am ach tógadh iad agus cuireadh san airm iad, ní raibh rogha ar bith eile acu. Scéal suimiúla faoi Pháidí Mac Aodh a throid ins na trinsí, scaoileadh é agus bhí sé gortaithe go holc, thit sé isteach sa trinse arís. Fuair na Gearmánaigh greim air agus thóg siad leo é. Thug siad obair do ag déanamh bairillí. Nuair a bhí an cogadh thart, lig siad na bhaile é agus thug siad gúna beag do i gcuimhne orthu. Bhí uncail de Phroinsias é féin san airm fosta.
Scéal eile faoi fhear a bhí sna Dúchrónaigh i Sasana agus dár leis nach raibh rogha ar bith aige, scaoileadh siad duine ar bith nach ndéanadh é. Seo daoine a bhí ar shiúl ar imirce. | 00:10:05 | |